Media Archive

Feachtas seolta ag Conradh na Gaeilge ag éileamh gealltanas ó pháirtithe polaitíochta Thuaisceart Éireann roimh vótáil áitiúil.

Deir an Conradh go bhfuil easpa measa léirithe arís ag páirtithe Aontachtacha atá ag diúltú freagra a thabhairt ar choimitmintí don teanga roimh lá na vótála.
Feachtas seolta ag Conradh na Gaeilge ag éileamh gealltanas ó pháirtithe polaitíochta Thuaisceart Éireann roimh vótáil áitiúil.
Article available in Irish only

Tá feachtas seolta ag Conradh na Gaeilge chun a chinntiú go gcloífidh páirtithe polaitíochta Thuaisceart Éireann lena ngealltanais i leith na Gaeilge.

Caithfidh pobal an Tuaiscirt vóta sna toghcháin áitiúla an tochtú lá déag den mhí seo.

Deir an Conradh go bhfuil easpa measa léirithe arís ag páirtithe Aontachtacha atá ag diúltú freagra a thabhairt ar choimitmintí don teanga roimh lá na vótála.

Tá GaelVóta seolta ag an gConradh ag iarraidh tiomantais i leith na Gaeilge a chinntiú.

I bParlaimint Westminster a glacadh le reachtaíocht faoin nGaeilge ó thuaidh, os rud nach raibh an DUP sásta tacú leis agus Stormont fós ag feidhmiú.

Cé go bhfuil Aontú an Rí faighte aige ó thús na bliana, níl an tAcht curtha i bhfeidhm ná níl Coimisinéir na Gaeilge ceaptha.

Tá an feachtas GaelVóta seolta ag Conradh na Gaeilge ag lorg tacaíocht óna páirtíthe seasamh le 5 ghealltanas, ina measc “feiceálacht na Gaeilge a mhéadú” agus “polasaí Gaeilge sna húdaráis áitiúla” a chinntiú.

Tá tacaíocht léirithe ag 7 bpáirtí ach níl fiú freagra faighte ó pháirtithe Aontachtacha.

Beidh na toghcháin áitiúla ar siúl seachtain ó Déardaoin.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|