Media Archive

Polasaí ‘Béarla amháin’ le caitheamh i dtraipisí ag comhairle áitiúil agus í ag tarraingt siar ó chás Ard-Chúirte

Tá Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach chun a bpolasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide a tharraingt siar agus ní bheidh an polasaí sin á chosaint acu san Ard-Chúirt mar a bhí beartaithe
Polasaí ‘Béarla amháin’ le caitheamh i dtraipisí ag comhairle áitiúil agus í ag tarraingt siar ó chás Ard-Chúirte
Article available in Irish only

Tuigtear do Tuairisc.ie nach bhfuil sé i gceist ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach cosaint a dhéanamh san Ard-Chúirt ar a bpolasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide agus go bhfuil sé i gceist acu an polasaí sin a tharraingt siar.

Bean a bhfuil a clann ag freastal ar Ghaelscoil sa cheantar a bheartaigh cás a thógáil in aghaidh na Comhairle maidir leis an bpolasaí ‘Béarla amháin’, a mhaígh sí a bhí in aghaidh an dlí.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur chuir lucht na Comhairle in iúl do dhlíodóir na mná tráthnóna inné nach raibh siad ag iarraidh dul ar aghaidh leis an gcás a bhí le tosú san Ard-Chúirt an tseachtain seo chugainn.

Thug Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach le fios inné nach raibh aon rud le rá acu faoi thuairiscí go raibh a bpolasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide sa cheantar á chur ar cheal acu.

Pléadh ceist an pholasaí sin ag cruinniú de chuid na Comhairle Dé Máirt agus tuairiscíodh ar na meáin shóisialta go raibh comhairle dlí faighte ag an gComhairle an polasaí a tharraingt siar toisc é a bheith mídhleathach.

Dúirt urlabhraí de chuid Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach le Tuairisc.ie inné nach bhféadfaí a rá cé acu an bhfuil an polasaí ‘Béarla amháin’ á tharraingt siar acu nó nach bhfuil. Ní fhéadfaí aon soiléiriú a thabhairt faoin scéal, a dúradh, toisc go raibh “an t-ábhar seo os comhair na cúirte” faoi láthair.

Dealraíonn sé anois, áfach, nach rachaidh an scéal chun cúirte ar chor ar bith.

I mí Feabhra na bliana seo, vótáil baill Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach i gcoinne cead a thabhairt Gaeilge a chur ar chomharthaí sráide sa cheantar.

I mí an Mhárta, chuir an Committee on the Administration of Justice (CAJ) i mBéal Feirste aighneacht chuig Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach inar moladh “go láidir” go dtarraingeofaí siar a bpolasaí “mídhleathach” maidir le Béarla amháin a cheadú ar chomharthaí sráide.

Dúirt Leas-Stiúrthóir CAJ, Daniel Holder, le Tuairisc.ie ag an am gur sárú ar an dlí é ag údaráis áitiúla ó thuaidh a leithéid de pholasaí aonteangach a bheith acu beag beann ar mhianta an phobail lena mbaineann sé.

Mar fhreagra ar aighneacht an CAJ, mhaígh Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach go raibh an polasaí ‘Béarla amháin’ acu “dleathach agus cuí”.

Ba iad Cumann Áitritheoirí Abbeyville a rinne an t-iarratas go gceadófaí cúig chomhartha a mbeadh na sráidainmneacha i nGaeilge orthu agus a gcás bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhaile).

Dar le Daniel Holder go raibh an moladh maidir le polasaí ‘Béarla amháin’, ar vótáil na comhairleoirí ar a shon, in aghaidh an dlí.

“Cuireadh deireadh i 1995 leis an seandlí de chuid Stormont a chuir cosc ar an nGaeilge – níl sé dleathach anois ag Comhairle cosc a chur ar chomharthaí dátheangacha i ngach cás, beag beann ar dhearcadh na n-áitritheoirí ar an tsráid atá i gceist.

“Bheadh aon pholasaí dá leithéid ag teacht salach ar chonarthaí maidir le cearta an duine a shínigh an Ríocht Aontaithe le Comhairle na hEorpa agus ar na gealltanais a tugadh i dtaobh na Gaeilge de thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir an CAJ.

I mí Aibreáin na bliana seo, tuairiscíodh go raibh fógraíocht in Ultais ceadaithe ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach ar photaí plandaí sa cheantar sin, in ainneoin gur vótáil baill na comhairle dhá mhí roimhe sin ar son polasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide sa cheantar.

I bhfianaise an scéil sin, rinne grúpa Gaeilge sa cheantar, Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach, gearán le Coimisiún Comhionannais an Tuaiscirt faoi chur chuige na comhairle i leith cúrsaí teanga.

Le linn an phlé i gComhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach faoin iarratas ar na comharthaí Gaeilge, mhol ceannasaí an DUP sa Chomhairle, Phillip Brett go mbeadh polasaí ‘Béarla amháin’ i bhfeidhm maidir le comharthaí sráide agus thacaigh ceannasaí an UUP sa Chomhairle leis an moladh sin.

Ag labhairt dó leis an Newtownabbey Times i ndiaidh an chruinnithe, chuir an comhairleoir de chuid an DUP Thomas Hogg fáilte roimh an gcinneadh glacadh le “polasaí Béarla amháin”.

“Bheadh amhras orm faoi chuspóirí na ndaoine a rinne an achainí seo agus creidim gur iarracht a bhí ann geiteo a dhéanamh den cheantar. Tá daoine an-trína chéile mar gheall ar an mbeart seo agus chuir sé isteach go mór ar an dea-chaidreamh a bhí i measc an phobail in Abbeyville le blianta fada. Cuirim fáilte roimh chinneadh na Comhairle mar bua atá ann don stuaim agus don mheasarthacht,” a dúirt an Comhairleoir Thomas Hogg.

Tá teannas ar leith faoi chúrsaí teanga le tamall mar gheall ar theip na gcainteanna polaitiúla agus an t-easaontas faoi acht Gaeilge.

Dúirt David McNarry, iarcheannaire UKIP ó thuaidh, níos túisce i mbliana nach mbeadh aon leisce air féin “an dlí a bhriseadh” agus aon chomhartha i nGaeilge a chuirfí suas ar a shráid féin “a tharraingt anuas”.

Dúirt McNarry nach raibh faoi daoine eile a ghríosú chun an dlí a shárú ach gurb amhlaidh go raibh seasamh á thógáil aige chun a chuid “Briotanachais féin a chosaint”.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|