Media Archive

‘Cuisle na hathbheochana’ ag bualadh go tréan

Tá dúshláin roimh an Ghaeloideachas, go háirithe ó thuaidh, ach tá tiomantas láidir ann ina leith
‘Cuisle na hathbheochana’ ag bualadh go tréan

In 2022 léirigh Coláiste Feirste dráma dar teideal Ó Naonúr go Naoi gCéad, le 30 bliain ó bhunú na scoile a cheiliúradh. Sa sársheó seo, insíodh scéal spreagúil na scoile, ón uair ar bunaíodh an chéad mheánscoil lán-Ghaeilge ó thuaidh in 1991, fríd na streachailtí fada ar son aitheantais agus an choimhlint faoi lán seoil ar shráideanna Bhéal Feirste, go dtí an lá atá inniu ann, tráth a bhfuil an scoil ar an Ghaelcholáiste is mó in Éirinn. D’fhreastail mé féin ar an scoil sna luath-laetha sin agus d’fhág an t-eispéireas rian láidir orm agus, go deimhin, tá tionchar uilíoch na scoile le mothú go tréan sa phobal trí chéile.

Cé go bhfuil an tsochaí, agus stádas na Gaeilge inti, i ndiaidh dul fríd phróiseas claochlaithe ón tréimhse ina raibh Coláiste Feirste i mbéal forbartha, bhí neart téamaí agus ceisteanna clúdaithe sa dráma a d’aithneodh go leor páistí agus múinteoirí san earnáil sa lá atá inniu ann.

Ag eascairt ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, cuireadh dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais ó thuaidh ‘forbairt an Ghaeloideachais a éascú agus a spreagadh’ agus níl aon amhras ach gur bhláthaigh an earnáil ón tréimhse sin ar aghaidh. Sin ráite, ní raibh athruithe curtha i bhfeidhm sa chóras ariamh a d’aithin saintréithe na hoideolaíochta tumtha nó an córas dátheangach oideachais atá i bhfeidhm san earnáil, nó a dhéanfadh cinnte go bhfuil soláthar ar fáil do gach páiste nó teaghlach ar mhian leo rogha an Ghaeloideachais. Fágann sin go bhfuil na mórcheisteanna a bhí aitheanta i dtuarascálacha éagsúla maidir leis an earnáil Gaeloideachais, athbhreithniú ón Roinn Oideachais féin in 2007 san áireamh, fós gan réiteach ar bhealach ar bith cuimsitheach breis is 50 bliain ó bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste i nGaeltacht Bhóthar Seoighe.

D’fhoilsigh Comhairle na Gaelscolaíochta tuairisc le déanaí a léirigh go bhfuil tromlach na nGaelscoileanna fós i gcóiríocht mhíchuí, lóistín nach bhfuil oiriúnach don fheidhm, go minic i mbotháin mar a bhí nuair a bhí an earnáil ag toiseacht amach ar an aistear 50 bliain ó shin agus í beo lasmuigh de scáth aitheantais an stáit. Tá an soláthar tacaíochta maidir le sainriachtanais sna Gaelscoileanna fós taobh thiar dá mhacasamhail atá i bhfeidhm sna scoileanna Béarla agus múinteoirí san earnáil fós ag fanacht ar uirlisí measúnaithe faoi leith a d’fhéadfadh idirghabháil luath a éascú, rud atá thar a bheith tábhacht i gcomhthéacs na riachtanas breise. Tá géarchéim leanúnach ann maidir le soláthar múinteoirí san earnáil, gan go leor múinteoirí agus cúntóirí ar fáil le freastal ar earnáil atá ag fás bliain i ndiaidh bliana, ceist mhór atá aitheanta mar ghníomh éigeandála ag Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa a bhí anseo ag déanamh monatóireachta ar chur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh ar na mallaibh. Léiríonn seo ar fad go bhfuil athruithe córasacha de dhíth sa dóigh a mbíonn na húdaráis ag plé leis an earnáil Gaeloideachais ó thuaidh.

Tá sé molta le fada ag Comhairle na Gaelscolaíochta, ag Conradh na Gaeilge, ag múinteoirí agus ag speisialtóirí sa chóras oideachais go bhfuil cur chuige faoi leith de dhíth don earnáil. Ní comhionannas le hearnáil fhadbhunaithe an Bhéarla ach cothromas bunaithe ar na riachtanais shainiúla a bhaineann le hearnáil atá ag feidhmiú trí mheán teanga eile agus í ag fás go tapaigh.

Ach in ainneoin na ndúshlán seo tá an-tóir ar an Ghaeloideachas go fóill féin. Idir 2014 agus 2024 tháinig méadú de bhreis is 50 faoin gcéad ar líon na bpáistí a bhí ag freastal ar Ghaelscoileanna ó thuaidh. Tá an fás as cuimse seo tiomanta ag fuinneamh, díogras agus spleodar na bpobal tacaíochta timpeall na scoileanna, idir thuistí, mhúinteoirí, ghníomhaithe teanga agus eile. Ach níl an earnáil faoi láthair ábalta freastal mar is ceart ar an éileamh seo ón phobal. Tá Gaelscoileanna, go háirithe i mBéal Feirste, nach bhfuil ábalta spás a thairiscint do pháistí de bharr ró-éilimh. Tá sciaranna leathana de na sé chontae nach bhfuil aon deis ag páistí meánscolaíocht trí Ghaeilge a fháil de bharr easpa soláthair i ndiaidh daofa a n-aistear bunscolaíochta trí Ghaeilge a chríochnú. Tá teaghlaigh fud fad an tuaiscirt nach mbeidh deis acu oideachas trí Ghaeilge a fháil dá dheasca seo ar fad. I suirbhé a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge in 2023, dúirt 30 faoin gcéad d’fhreagróirí ó thuaidh go roghnódh siad scoil a mhúineann trí mheán na Gaeilge dá mbeadh sí ar fáil ina gceantar agus dhearbhaigh 53 faoin gcéad gur chóir go mbeadh an deis seo ag daltaí. Faoi láthair, níl ach timpeall 3 faoin gcéad den daonra scoile ar fad ó thuaidh ag freastal ar Ghaelscoileanna. Le cur chuige faoi leith, a aithníonn na riachtanais shainiúla atá ag an earnáil Gaeloideachais agus a éascaíonn fás na hearnála i spiorad an dualgais reachtúil seachas bacanna córasacha a chur os a gcomhair, bheadh deis ann seo a athrú ó bhun go barr.

Tá dóchas le haimsiú i gcuid de na forbairtí móra a tháinig chun tosaigh le déanaí nó atá ar na bacáin. Tá Straitéis na Gaeilge, a gealladh don phobal i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006, idir lámha ag an Roinn Pobail.

Bhí mise ag obair thar cheithre bliana leis an Ghrúpa Comhdheartha don Straitéis seo agus tá moltaí láidre déanta ar mhaithe leis an Ghaeloideachas sna beartais a chuir muid chun tosaigh. Anois, beidh le feiceáil cad é atá sa leagan deiridh den straitéis agus tá moill fós leis (tá Conradh na Gaeilge ag glacadh an tríú hathbhreithniú breithiúnach os comhair na hArd-Chúirte de bharr na moille céanna!) ach beidh ann don straitéis, luath nó mall.

Sa bhreis air sin, tá an Conradh ag obair ar Bhille um Ghaeloideachas. Reachtaíodh an Bille um Oideachas Imeasctha ó thuaidh in 2022 agus cé go mbeidh cosúlachtaí idir an dá phíosa reachtaíochta seo, beidh míreanna tábhachtacha sa bhreis curtha le Bille na Gaelscolaíochta a aithníonn an oideolaíocht tumtha agus na dúshláin bhreise a eascraíonn as sin. Le reachtú Acht na Gaeilge in 2022 agus ceapadh an Choimisinéara Gaeilge den chéad uair ag deireadh 2025, meastar gur féidir comhthéacs níos leithne maidir le cearta teanga a chothú ó thuaidh i dtaca leis an Bhille um Gaeloideachas a thugann deis tarraingt ar shamplaí idirnáisiúnta – go príomha an straitéis don Bhreatnais sa chóras oideachais sa Bhreatain Bheag.

D’fhógair an Feidhmeannas ag tús mhí na Nollag go mbeidh airgead breise ar fáil do chúrsaí cóiríochta san earnáil agus bhéarfaidh seo deis do roinnt forbairtí úra teacht ar an saol, i gceantracha atá ag fanacht ar sholáthar Gaeloideachais le fada an lá, ar nós Bhaile Aontroma agus Carraig Uí Dhuibh i gContae an Dúin. Sa chontae céanna, is ábhar misnigh agus bróid dúinn ar fad na forbairtí suntasacha atá déanta ag Naíscoil agus Bunscoil na Seolta atá ag soláthar Gaeloideachais do phobal in oirthear na cathrach faoi mhúnla an oideachais imeasctha. Is dul chun cinn suntasach é seo don earnáil agus don tsochaí i gcoitinne.

Go náisiúnta, is comhartha eile é toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán go bhfuil an Ghaeilge sa zeitgeist cultúrtha i láthair na huaire. Thug a bua spreagadh agus dóchas dúinn ar fad agus bhí sé suntasach gur thug sí a céad chuairt oifigiúil mar Uachtarán ar Ghaelscoil sa phríomhchathair; cinneadh coinsiasach ar comhartha láidir é den tábhacht a chuireann sí ar chúrsaí teanga.

Fosta, tá an Conradh ag éileamh le tamall de bhlianta go mbeidh 20 faoin gcéad de dhaltaí ó dheas in ann freastal ar an Ghaelscolaíocht (níl ach 6 faoin gcéad ag freastal ar Ghaelscoileanna faoi láthair) agus tá feachtas á fhorbairt ag réimse leathan díograiseoirí faoi scáth IMEASC leis an éileamh sin a chur fríd an Dáil mar reachtaíocht a thabharfaidh aitheantas faoi leith don Ghaeloideachas ó dheas agus a éascóidh forbairt na hearnála. Má éiríonn leis na hiarrachtaí seo, neartóidh sé fás na hearnála ar fud an oileáin.

Deirtear gurb é an Gaeloideachas ‘cuisle na hathbheochana’. Tá gach míorúilt atá cruthaithe ag an phobal teanga anseo, ón earnáil pobail ilchineálach go dtí an Dream Dearg, tógtha ar dhúshraith ár scoileanna, agus léiríonn na forbairtí seo ar fad go bhfuil bunús lenár ndóchas don todhchaí agus go bhfuil an chuisle sin ag preabadh níos láidre ná riamh. Ní hionann sin agus a rá gur féidir linn a bheith réchúiseach – tá dúshláin mhóra fós le sárú againn, ach ní rud ar bith nua sin dúinne.

Foclóir: spreagúil - inspirational; eispéireas - experience; rian - impression; uilíoch - universal; comhartha - sign; saintréithe - characteristics; suntasach - significant.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|