Media Archive

‘Tá todhchaí níos dearfaí tuillte ag ár bpáistí’

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar 2026 le Pól Deeds, an chéad choimisinéir Gaeilge don Tuaisceart
‘Tá todhchaí níos dearfaí tuillte ag ár bpáistí’
Article available in Irish only

An bhfuil rún nó sprioc ar leith agat don bhliain 2026?

Beidh obair mhór le déanamh ag m’oifig in 2026. Níor chuir m’fhoireann aon am amú go dtí seo agus beidh orainn an fuinneamh céanna a bheith againn le linn na bliana seo chugainn leis an méid atá le baint amach againn. An sprioc is mó atá agam féin ná na caighdeáin dea-chleachtais a bhaineann le húsáid na Gaeilge ag na húdaráis phoiblí ó thuaidh a fhorbairt ionas go mbeidh siad réidh le foilsiú ag deireadh na bliana. Is é sin an bronntanas Nollag ba mhaith liom in 2026!

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026?

Tá mé ag súil le dhá rud: uimhir a haon ná cuairt a thabhairt ar an Bhreatain Bheag agus ar Albain le héisteacht le cibé comhairle atá ag comhghleacaithe ansin maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga ansin. An dara rud ná a bheith ag dul thart ag bualadh le daoine sa phobal agus leis na húdaráis phoiblí sa tuaisceart – ar mhaithe le mo chuid pleananna a phlé leo agus le smaointe a bhailiú uathu.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2026?

Is dóiche gurb iad na forbairtí sa saol polaitiúil agus eacnamaíoch ar fud an domhain atá ag cur as dom níos mó ná rud ar bith eile, agus ar an drochuair is dóigh liom go leanfaidh an t-aighneas agus an teannas sin – agus níos measa, an bhiogóideacht agus an bhriogaireacht – ar aghaidh in 2026. Leanfaidh ceannasaithe polaitiúla i gcéin is i gcóngar ar aghaidh ag cothú scoilteanna idir daoine agus ag déanamh mo chuid oibre níos deacra.

Céard é an t-imeacht nó ócáid is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026

Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste.

Cén t-údar dóchais is mó atá agat don bhliain 2026?

Oifig an Choimisinéara Gaeilge ó thuaidh.

Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach in 2026?

Chomh maith le mo chaighdeáin dea-chleachtais a bheith foilsithe, ba mhaith liom gaolta a thógáil agus a dhaingniú sna pobail ar fad i dTuaisceart na hÉireann

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2026, céard é a d’athrófá?

Bheinn ag iarraidh comhbhá a chothú sa tsochaí s’againn arís, mar bhí an oiread sin nimhe agus gránnachta léirithe i mbliana a scanraigh mé. Tá todhchaí níos dearfaí tuillte ag ár bpáistí.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|