An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

Tá pobal na Gaeilge ag ullmhú le tabhairt faoi shráideacha Bhaile Átha Cliath arís ar an 20 Meán Fómhair don mhórshiúl CEARTA.
Liosta le háireamh na mianta atá le cur chun cinn ar an lá – tithíocht agus cead pleanála sa Ghaeltacht, cúrsaí oideachais thuaidh agus theas, seirbhísí bunúsacha tré Ghaeilge ina measc. Is fada pobal na Gaeilge ó thuaidh ag éileamh a gceart, ag gabháil siar go haimsir na gceart sibhialta sna 1960idí go dtí an lá atá inniu ann le líonra cumasach feachtasaíochta An Dream Dearg.
Tá glúnta de ghníomhaithe cothaithe ag an chóras sna Sé Chondae, ó éileamh ar Ghaelscolaíocht go stádas don teanga go deontais Líofa a bheith curtha ar fionraí agus caint ar ‘feeding a crocodile’ – ní strainséirí na daoine óga don agóidíocht.
Mothaím i gcónaí spreagtha agus mé ag imeachtaí Gaeilge i mBéal Feirste, bíodh is gur ag troid dá gcearta a bhíonn an pobal go rímhinic.
Níl an focal ‘géill’ ar eolas ag na Gaeil óga seo, ach tá siad misniúil agus mórtasach as theacht fríd scolaíocht lán-Ghaeilge, as páirt a ghlacadh i mórshiúlta agus as a bheith ag lorg a gcuid don Ghaeilge agus tré Ghaeilge.
Ní chúngaíonn grúpaí cosúil leis An Dream Dearg ná a gcuid ball a n-aird ar an teanga amháin, ach bíonn siad ag lorg cearta do chách – teifigh, cúrsaí timpeallachta, daoine gan dídean agus an pobal LADTQ+ ar chuid dá n-éileamh.
Bhí mé mar chathaoirleach ar phainéal cainte fá chealú agus cúngú ceart, a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál ar an Aoine seo a chuaigh thart, agus go leor den ábhar seo á phlé ann.
Bhí na cainteoirí uilig fite fuaite i gcúrsaí feachtasaíochta, agus an teanga lárnach ina gcuid gníomhaíochta. Arís agus arís eile luaigh an painéal an tábhacht a bhaineann le cearta a éileamh agus a chosaint sa tsochaí, ar mhaithe le sochaí níos fearr.
Ar choirnéal na sráide trasna ón Chultúrlann stop mé ag múrphictiúr Rónáin Mhic Aodha Bhuí lena mhanna ildaite ‘Dorn san Aer do na Gaeil’. Nach é a bhí cliste leis an ráiteas sin? Rosc catha na nGael anois, agus ár nArd-Rí imithe uainn, ach a spiorad linn i gcónaí.
Nach é a bheas in easnamh uainn ar an 20 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath, an sréadaí craiceáilte ar son chearta na nGael? Tá na ballaí thart timpeall Bhóthar na bhFál breac le manaí faoi chearta éagsúla ‘Saoirse don Phalaistín’, ‘Acht Anois’, ‘Fáilte roimh theifigh’. Ní áit é seo ina luíonn daoine síos nuair a shéantar cearta orthu, ach eagraíonn siad, cumann siad straitéisí agus ceapann siad urlabhraithe leis an scéala a scaipeadh sna meáin.
Bhí an Ghaeltacht mar thobar eolais, foghlama agus siamsaíochta do Ghaeil na Sé Chondae le fada an lá, nasc láidir cruthaithe ag coláistí samhraidh agus grúpaí cosúil le Cumann Chluain Ard le Rann na Feirste agus Turas in oirthear Bhéal Feirste le Corca Dhuibhne.
Anois tá lucht feachtais ar son tithíocht sa Ghaeltacht, chás na bPalaistíneach ó dheas agus grúpaí Gaeilge ag amharc i dtreo na Sé Chondae le treoir a fháil ar caidé an bealach le feachtas éifeachtach a thiomáint.
Mothaím go bhfuil rabharta de cheannairí pobail á ngríosú agus á múnlú sna himeachtaí á reáchtálann na grúpaí Gaeilge. Tugtar ardán agus deis don óige labhairt agus a bheith lárnach sa phlé, ach tá spás ann fosta do na ‘seanfhondúirí’ a threabh an talamh i dtús ama, bíodh a fhios gur sna luaththríochaidí atá go leor acu!
Santaím a ndíograis agus a bhfonn chun tabhairt faoi obair agus gníomh, dá mbeadh an fuinneamh sin curtha i mbuidéal dhíolfainn go daor as cása de!
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.