Media Archive

Ní raibh seans ar bith ann go nglacfadh an Dream Dearg leis an margadh ‘bog’ a rinne Sinn Féin faoi acht Gaeilge

Ba chóir do Shinn Féin an fód a sheasamh go daingean, diongbháilte maidir le ceist an achta Ghaeilge agus gan a bheith ag brath ar mhargadh bog ag súil go bhféadfaí tógáil air ar ball
Ní raibh seans ar bith ann go nglacfadh an Dream Dearg leis an margadh ‘bog’ a rinne Sinn Féin faoi acht Gaeilge
Article available in Irish only

Bhí mé páirteach, mar ionadaí ar an Dream Dearg, i seisiún plé ar an imeall ag Ard-Fheis Shinn Féin ag an deireadh seachtaine. Brian Ervine, iarcheannaire an PUP, agus Piaras Ó Dochartaigh, T.D. an bheirt chainteoirí eile, agus ba í Lynette Fay an cathaoirleach. ‘Forbairt na Gaeilge: ‘Gníomh Diongbháilte’ Chomhaontú Aoine an Chéasta a Fhíorú’ an teideal a bhí ar an seisiún.

Nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta fiche bliain ó shin, bhí sé in ainm is a bheith mar thús le ré an chomhionannais do chách. Ó thaobh na Gaeilge de, is cinnte go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí ó shin.

Cuireadh maoiniú straitéiseach ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, don Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus don ghaelscolaíocht. Tá an teanga á cur chun cinn ag grúpaí pobail i mbailte ar fud na sé chontae. Tá normalú déanta ar an Ghaeilge go pointe as siocair go mbíonn sí le feiceáil ar an teilifís, istigh i seomraí suite príobháideacha daoine.

Maidir leis an oideachas, tá scoileanna úra bunaithe, oiliúint shainiúil curtha ar mhúinteoirí agus áiseanna foghlama den chéad scoth déanta ag an Áisaonad. Bhunaigh an Roinn Oideachais eagras ar leith in 2000, Comhairle na Gaelscolaíochta, leis an earnáil a chur chun cinn.

Mar sin féin, ní féidir a rá go bhfuil ‘gníomh diongbháilte’ an Chomhaontaithe fíoraithe. An doiléire sa téacs ceann de na fáthanna atá leis sin. Bíodh sé sin mar fhainic againn agus muid ag déanamh socruithe maidir le hacht Gaeilge.

Deirtear i gComhaontú 1998 go ndéanfar gníomh diongbháilte ‘más cuí’ nó ‘más mian le daoine amhlaidh’.

Seo friotal na héiginnteachta. Níl sé intomhaiste. Níl rud ar bith daingean ná diongbháilte faoi.

Bhí pobal na Gaeilge sna cúirteanna mar gheall ar an doiléireacht seo thar na blianta. Bhí cás ann in éadan na Roinne Oideachais in 2011 faoi bhusanna do dhaltaí as ceantracha tuaithe a bhí ag freastal ar Choláiste Feirste. An argóint a bhí ag an Roinn gur rud ‘aislingeach’ a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta agus sa dualgas reachtúil a bhí orthu oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn. Ach bhréagnaigh an Breitheamh Treacy an argóint sin. Dúirt sé go raibh ‘impleachtaí praiticiúla’ leis an Chomhaontú.

Le linn dó a bheith mar Aire Oideachais, rinne Peter Weir a sheacht ndícheall bac a chur le forbairt na gaelscolaíochta i gcás Ghaelcholáiste Dhoire, Ghaelscoil an Lonnáin agus na n-aonad cothaithe a bhíonn ag freastal ar na páistí is leochailí sa tsochaí.

Bíonn daoine ag rá nár chóir ceist pholaitiúil a dhéanamh den Ghaeilge. Ach déanann polaiteoirí gníomhartha leatromacha i gcoinne lucht labhartha na teanga agus tá cosaint sa dlí ag teastáil uainn, i bhfoirm acht Gaeilge láidir, neamhspleách.

Is é an paradacsa é nach dtig linn acht a bheith againn gan na polaiteoirí. Táimid ag brath go huile is go hiomlán orthu (maidir leis an cheist áirithe seo), agus go mórmhór ar Shinn Féin ós é an páirtí is mó atá ar son achta.

I mí Feabhra na bliana seo, chuir an t-iriseoir Éamonn Mallie cóip de chomhaontú dréachta idir Sinn Féin agus an DUP ar a shuíomh féin.

Is é an dearcadh a bhí ag an Dream Dearg air nach raibh seans dá laghad ann go nglacfaimis leis siocair a laige a bhí na moltaí i dtaca le hacht Gaeilge.

Ní raibh tagairt ar bith déanta do chomharthaí dátheangacha. Tá feiceálacht na teanga ríthábhachtach mar léiriú measa agus aitheantais.

Bhí na cumhachtaí a bhí luaite le ról an Choimisinéara millteanach lag ar fad. De ghnáth, bíonn Coimisinéirí agus Ombudsmain neamhspleách. Ach sula mbeadh sé nó sí in ann rialacha ar bith a chur i bhfeidhm, bheadh ar an Choimisinéir s’againne tuairimí an phobail a lorg trí chomhairliúcháin phoiblí, agus ansin faomhadh agus cead a fháil ón Chéad-Aire agus ón LeasChéad-Aire!

Sa chás sin, bheadh cearta an mhionlaigh ag brath ar thuairimí an mhóraimh agus ar pholaiteoirí. Droch-chleachtas amach is amach é sin.

Tá bearna pholaitíochta ann faoi láthair. Mar sin féin tá méid áirithe is féidir a dhéanamh idir seo agus an chéad bhabhta eile cainteanna. Tá cumhacht ag Sinn Féin i gcomhairlí cathrach agus ceantair. Tig leo fáil réidh le polasaithe leatromacha agus cinn úra a chur ina n-áit, mar shampla an polasaí faoi chomharthaí sráidainmneacha dátheangacha atá ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Mar eagras, thiocfadh leo a bheith mar eiseamláir agus an dátheangachas a chur i bhfeidhm go huile is go hiomlán ar a suíomh gréasáin féin, sna nuachtlitreacha áitiúla a chuireann siad amach, i ngach postáil ar na meáin shóisialta.

Seo an achainí atá ag an Dream Dearg do Shinn Féin. An fód a sheasamh go daingean, diongbháilte maidir le ceist an achta Ghaeilge san idirbheartaíocht leis an DUP i ndiaidh an tsamhraidh. Iarraimid orthu gan géilleadh. Ná bígí ag brath ar mhargadh bog a dhéanamh agus ansin a bheith ag iarraidh tógáil air ar ball. Cothaíonn a leithéid tuilleadh fadhbanna, mar atá feicthe againn le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas.

Tá deis eisceachtúil, stairiúil againn cearta, cothromas agus cóir a bhaint amach. Ná caitear an deis sin i dtraipisí.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|