An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

Má chaill tú é, 4,607 as 5,014 dalta a chaith vóta le linn reifreann ar chearta teanga in Ollscoil na Banríona chaith vóta ar son an chomhionnanais teanga i mí na Márta seo chaite. 92% des na vótaí a caitheadh a bhí ar son mholadh an Chumainn Ghaelaigh polasaí cuimsitheach don Ghaeilge a thabhairt isteach ag an Ollscoil.
Bé an reifreann ba mhó riamh i stair na hOllscoile é, a léiríonn an tsuim, an meas is an fonn atá ann don Ghaeilge fé láthair. Ní ionann bua an reifrinn agus deireadh an fheachtais áfach. Tá an bunchloch leagtha againn ach tá bóthar fada fós le taistil sula n-aithneofar Ollscoil na Banríona mar eiseamláir dhátheangachais in Éirinn.
Is minic a chloistear gurb í Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste sciath chosanta dheireanach d’fhorlámhas an aontachtais atá fágtha sna sé chontae ó thuaidh ach an fíor an ráitis é? In 1997, bhain an Ollscoil comharthaíocht dhátheangach ó bhallaí Aontas na Mac Léinn de dheasca gur dúradh ag an am nach rabhadar oiriúnach do thimpeallacht oibre neodraí.
Blianta ina dhiaidh sin, d’admhaigh leas-sainsiléir na hOllscoile gur chreid sé go mbeadh comharthaí dátheangacha ‘corraitheach, bagrach agus ionsaitheach’. Creidtear nach ndéarfadh leas-sainsiléir na hOllscoile rudaí seafóideacha cosúil leis sin anois ach ní briathra a dhearrbhaíonn ach gníomh.
Cén dul chun cinn atá déanta ag an Ollscoil chun na hionsaithe seo ar theanga dhúchais na tíre a réiteach? Theip ar údarás na hollscoile an chomharthaíocht a thabhairt ar ais sna naoi mbliana fichead ina dhiaidh sin.
Mar a thuigeann pobal Gaeilge na hOllscoile é, tá ardbhainistíocht na hOllscoile den tuairim gur rud do-ghlactha nó bagrach í an chomharthaíocht a chuirfeadh dá theanga an stáit ar chomhleibhéal ach ní foláir glacadh le portráid ar bhallaí na hOllscoile de Rí Charles agus é gléasta i gculaith míleata na Breataine.
Dúradh leis an gCumann Gaelach nach féidir leis an Ollscoil aon dul chun cinn a dhéanamh sula bhfoilseofar caighdeáin dea-chleachtais an Choimisinéara Gaeilge. Is ea cás Ollscoil na Banríona an chéad triail ar éifeachtacht an choimisinéara agus é nuacheaptha sa ról úr seo agus an cluas a thabharfar dó.
Is léir go bhfuil ar an gCumann Gaelach an fód a sheasamh in éadan na hOllscoile gan bata is bóthar a thabhairt do mhandáid daonlathach na mac léinn a éilíonn orthu polasaí cuimsitheach don Ghaeilge a fhorbairt is a chur i bhfeidhm go láithreach agus is é ceist ár linne ná an tionchar a bheas ag an Choimisinéir nuacheaptha chath seo atá romhainn a thabhairt chun dea-chríche ar son na Gaeilge.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.