An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

Is cinnte nár thuig mé breis agus 15 bliain ó shin nuair leag mé chos ar bhóthar Aontroma Thuaisceart Bhéal Feirste le haghaidh léirsiú RITH 2009, áit ar chuala mé trácht ar Acht na Gaeilge, go raibh mé i ndiaidh cos a leagadh ar bhóthar fada na Gluaiseachta don chéad uair.
A mhalairt a bhí fíor deich mbliana ina dhiaidh sin nuair a bhain mé Coláiste Mhig Aoidh Ollscoil Uladh amach ag tús Mí Meán an Fómhar 2019. Ba léir go raibh muid i lár ré shuntasach don fheachtasaíocht, ní hamháin in Ollscoil Uladh agus Ollscoil na Banríona, ach ar fud fad na 6 Chontae leis an Lá Dearg agus bunú an Dream Dearg.
I mí na Samhna 2018, bliain sular thosaigh mé féin ar an Ollscoil, glacadh le rún ag cruinniú Comhairle Mac Léinn an tAontas Mac Léinn (UUSU) ag tabhairt gealltanais go gcuirfí comharthaí dátheangacha in airde sna spásanna ar champas a bhí faoi chúram an Aontais, agus go ndéanfar stocaireacht ar bhainistíocht na hOllscoile amhlaidh a dhéanadh fud fad na trí champas i gcoitinne.
Is beag athrú a bhí tagtha ar an scéal idir mo chéad bhliain ar an Ollscoil agus ar scríobh [na hailt deireanach liom ar an suíomh seo ](<https://www.dearg.ie/ga/nuacht/2022-09-27-ar-an-tra-f- uladh>)in ainneoin na hathruithe suntasacha a tháinig ar an tsochaí le linn na tréimhse sin, idir Ré Nua, Cur Chuige Nua (2020) agus an tAcht Teangacha agus Féiniúlachta i dTuaisceart Éireann (2022).
Ba clochmhíle stairiúil é mar sin ceapachán an Dochtúir Pól Deeds mar Choimisinéir na Gaeilge i mí Deireadh Fómhair 2025, ar ndóigh mar gheall ar na himpleachtaí a bhí aige sin ar stádas na Gaeilge sna 6 Chontae, ach níos tábhachtaí fós, mar iarmhac léinn Ollscoil Uladh, mar go raibh bainistíocht na hOllscoile fágtha gan a leithscéal iontaofa a tharraing siad air arís is arís eile thar na blianta.
Ní comhtharlú é mar sin, i ndiaidh an chéad chruinniú oifigiúil idir Oifig an Choimisinéara agus Ollscoil Uladh, gur iarraidh le UUSU (a rinne athdhearbhú ar choimitmintí s’acu i dtaobh comharthaíochta de i mí na Samhna 2025) comharthaí Gaeilge a chur in airde timpeall spásanna an Aontais ar champas Bhéal Feirste ar 24 Feabhra 2026.
Beag beann ar thuairimí an údair ar cén campas de chuid Ollscoil Uladh a ba chóir na gcéad comharthaí a crochadh ann ar dtús, níl aon dabht ann ar scoir ar bith gur éacht stairiúil é seo don Aontas céanna a ghearr pionós ar an údar seo as ucht leagan dátheangach de lógó na heagraíochta ar phostáil ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge cúpla bliain ó shin agus mé tofa ann mar Leas-Uachtarán ar Champas Mhig Aoidh.
So, cá bhfágann sin Gaeil Ollscoil Uladh? Cé gur cúis ceiliúrtha iad comharthaí Bhéal Feirste go cinnte, tá sé in am dul ar ais ar bhóthar na Gluaiseachta, mic léinn Bhéal Feirste taobh ar thaobh le mic léinn Chúil Raithin agus mic léinn Mhig Aoidh, agus fosta le Gaeil Ollscoil na Banríona atá go fóill ar lorg na cearta céanna. Go seasfaidh siad an fód le chéile. Níl sna comharthaí ach an chéad chéim eile.
Do gach duine a sheas an fód, na Cumainn Ghaelacha, Aontas na Mac Léinn agus comrádaithe ar fhoireann na hOllscoile, treise libh. Do gach duine atá ar an bhóthar go fóill, seas an fód!
Na Gaeil abú!
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.