News

Reflections from St. Patrick's Day Protest, Belfast

But if Saturday’s rally told me anything it is that this weekly tactic has now reached the limits of its efficacy. It has become a political playground where parties take swipes at each other from the platform and audience members boo speakers. And to be clear, this is not just booing political speakers.
Reflections from St. Patrick's Day Protest, Belfast

D’fhreastail mé ar an léirsiú don Phalaistín i mBéal Feirste a chuaigh chomha fada le consalacht SAM ar an Satharn. Is tógáil chroí iad na léirsithe seachtainiúla atá eagraithe i gcathair s’againn ar son na Palaistíne agus gan an chuma orthu go bhfuil na huimhreacha ag titim nó uchtach ag maolú. Do mo mhuintir féin agus amhlaidh do go leor eile, is deiseanna tábhachtacha iad na léirsithe seo lenár ndlúthpháirtíocht a léiriú agus lenár samhnas a thaispeáint maidir le comhpháirteachas agus meatacht ár rialtas féin agus – le roinnt eisceachtaí onóracha – le comhpháirteachas agus meatacht an domhain ar son an chinedhíothaithe.

Sin ráite, léirigh an léirsiú Dé Sathairn dom go bhfuil an bheartaíocht sheachtainiúil seo anois i ndiaidh teorainn a héifeachtúlachta a bhaint amach. Is clós súgartha polaitiúil anois é ina mbíonn páirtithe ag déanamh ionsaithe ar a chéile agus ina mbíonn an lucht tacaíochta i mbun trasnála agus íde béil le cainteoirí. Agus le bheith soiléir anseo, ní raibh faíreach á dhéanamh faoi chainteoirí polaitiúla amháin. Rinneadh trasnáil agus faíreach faoi fhear ón Phalaistín a bhí ag impí ar an slua meas a léiriú ar dhuine de na cainteoirí ar thug siad cuireadh daofa bheith ag caint ón ardán.

Is é ábhar an achrainn laistigh den ghluaiseacht, don té nach bhfuil ag tabhairt airde ar an cheist, ná an cheist maidir le baghcat a dhéanamh ar na himeachtaí Lá Fhéile Pádraig ag an Teach Bán i SAM. Ar mhaithe le bheith macánta agus trédhearcach, tacaím go mór leis an bhaghcat agus measaim go bhfuil ról tábhachtach agus dualgas faoi leith ar Shinn Féin, an páirtí polaitiúil i mó sa tír, ar an cheist seo. Is í an cheist bheartaíochta atá faoi chaibidil ná cé acu an mbeadh nó ar chóir go mbeadh an cinedhíothú ar mhuintir na Palaistíne ardaithe i gcruinnithe le Rialtas Biden – ach cad é an gníomh a thabharfadh an teachtaireacht is láidre go gcuireann muintir na hÉireann i coinne thacaíocht SAM don chinedhíothú.

Dá nglacfadh SF an cinneadh baghcat a dhéanamh ar an Teach Bán, chuirfeadh sé teachtaireacht chumhachtach fud na cruinne agus seans go spreagfadh seo tograí dlúthpháirtíochta ar an bhun chéanna. Tráth a bhfuil ceannairí Moslamacha ag diúltú bualadh le Rialtas Biden agus iad buartha go gcuirfeadh a leithéid ‘an plána mín’ ar an chinedhíothú, spreagfadh baghchat Shinn Féin ardú meanma suntasach don bhrú inmheánach atá ar Biden féin ar an cheist seo, go háirithe i mbliain toghchánaíochta.

Sa deireadh, chaill muid deis ollmhór seasamh a thógáil ar son na Palaisþine agus fágadh an spás do Leo Varadkar an milleán ar fad a ghlacadh ó Biden: “tacaíonn muid le do chuid oibre, obair do Rialtais, sos cogaidh daonnúil a chinntiú agus an spás a chrúthú síochán buan a bhaint amach”. Baineadh úsáid as ár lá náisiúnta féin chun snas deas glas a chur ar an chinedhíothú. Éilíonn dlúthpháirtíocht íobairt; mar a ba ghnách le Inez McCormack a rá go minic, teastaíonn sé go n-úsáideann tú cibé rochtain agus cumhacht teoranta atá agat le spás a oscailt daofa siúd atá in áit níos measa ach gan aon chumhacht. Muna bhfuil muid sásta seasamh le pobail eile ach amháin nuair atá sin ag teacht lenár suimeanna agus compord féin, ní hionann seo agus dlúthpháirtíocht, sin agaibh an bhrabúsaíocht.

Ar aon nós, is ionann an chleasaíocht beartaíochta seo ag Sinn Féin agus cinntithe a thógann páirtí polaitiúil féinrialaitheach. Má ardaíonn muid bearta Shinn Féin mar an cheist chinniúnach sa ghluaiseacht dlúthpháirtíochta ar son na Palaistíne agus má bheartaíonn muid tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a dtuigeann muid a chothóidh scoilt sa ghluaiseacht, is ionann sin agus an bhrabúsaíocht chéanna arís. Is é an toradh ná an ollghluaiseacht leathan shóisialta a scoilt. Ní fhéadfadh le spiairí í a scrios níos éifeachtaí.

Is dócha gur chóir go mbedh muid ag súil leis seo. Fágann an ionramháil ó na páirtithe polaitiúla a théann lámh ar lámh le himeachtaí ollghluaiseachtaí poiblí, agus gach eite agus grúpa ag iarraidh an lámh in uachtar agus mórcheannas a bhaint amach, drochbhlas sa bhéal agus ar an drochuair tá sé mar chuid cholúil den phróiseas. Ag pointe áirithe, tagann na seasaimh a thágann salach ar a chéile chun súile, go háirithe nuair atá féin-spéis agus caipitil pholaitiúil le saothrú. Mar sin féin, má cheapann aon duine go raibh na heachtraí a thit amach Dé Sathairn ar leas dlúthpháirtíochta leis an Phalaistín, tá dul amú orthu. Ach sin rogha s’acusan; is é ról na gluaiseachta nach ligtear don dream sin an bád a stiúradh.

Spreag an cinedhíothú in Gaza borradh i gníomhachas bríomhar, rannpháirteach. Tá an ceol, na healaíon, spórt agus léirithe cultúrtha eile tagtha chun tosaigh mar mhodhanna chun cur i gcoinne an stáit Shíónaigh agus na comhghuaillithe lena mbaineann. Bhain roinnt scoileanna trealamh ríomhaireachta Hewlitt Packard agus eile ó aon chomhlacht atá ag déanamh brabúis as an fhorghabháil. Chuir oibrithe ceardchumainn brú ar a bhfostóirí le baghcat a dhéanamh ar earraí ón Iosrael. Thacaigh an brú pobail go mór le O’Neills agus iad ag déanamh baghcait ar Puma agus d’fhógair an cumann sacair Cliftonville ar an tseachtain seo caite go raibh siad ag athrú a urraitheora ó Puma go O’Neills. Spreag Kneecap ó Bhéal Feirste baghcat ar an fhéile SXSW i dTexas, Meiriceá, rud a spreag gach grúpa Éireannach le tarraingt amach ón fhéile chéanna. Éagsúil ón chumhacht a thomhaistear fríd líon na ndaoine a théann chun sráide ag léirsithe, gortaíonn na buanna seo an stát Síónach ar bhealach nach dtiocfadh le léirsiú ar bith a dhéanamh.

Dár ndóigh, ní ceist shimplí rogha amháin nó rogha eile í seo. Is féidir le léirsithe ról tábhachtach a imirt in aon feachtas. Sin ráite, feiceann muid anois an rud a tharlaíonn nuair is ionann na léirsithe móra agus an phríomhbhealach trína léiríonn an mórphobal dlúthpháirtíocht. Níl tuilleadh ardán de dhíth orainn do pholaiteoirí le bobanna polaitiúla a bhualadh ar a chéile. Éilíonn tacaíocht éifeachtach don Phalaistín gníomh leanúnach a chuireann isteach ar ghnáthamh sa bhaile, san áit oibre agus sa phobal trí chéile a spreagann diúltú don stát Síónach agus a thacadóirí mar nós nádúrtha nua. Níl aon spás don fhéin-spéis chúng - bíodh sin pholaitiúil nó eacnamaíochta – sa dhlúthpháirtíocht dhílis.

Cuireann an ghluaiseacht BDS (Baghcat, Dí-infhéistiú, Smachtbhanna) acmhainní den scoth agus tacaíocht ar fáil do ghrúpaí áitiúla chun gur féidir feachtas a thógáil ón bhun aníos agus tá gréasán idirnáisiúnta gur féidir nascadh leis. Gluaiseacht neamhspleách atá fréamhaithe i bpobail a dhíríonn ar na heochair thionscail – ag aithint earraí, seachadóirí, ionaid dhíola agus slabhraí soláthair – is ea í an uirlis is cumhachtaí sa straitéis le cur isteach orthu siúd atá ag saothrú brabúis agus buntáiste ón chinedheighilt. Ag nochtú, ag cur brú agus ag earcú tacadóirí ag gach leibhéal; ó oibrithe agus ceardchumainn sa chóras iompair agus miondíola ó chomhlachtaí bheaga go móra atá ag bráth ar ghnó ónár bpobail, sin an gníomh a chuireann na dúshraitheanna do bhaghcat náisiúnta cumhachtach. Ba chóir go mbeadh seo mar phríomhsprioc againn uilig.

Tá daoine fud fad an oileáin seo atá ag tabhairt faoi seo le blianta fada. Ní bheidh aithne agaibh orthu mar ní lorgaíonn siad an spotsolas. Tá mé ag caint ar mo shon féin nuair a deirim gur sin an áit a bheas mise ag caitheamh cibé ama agus fuinnimh atá agam le tabhairt don fheachtas as seo amach. Ní féidir liom glacadh le léirsiú amháin eile le polaiteoirí ag craoladh ar dhroim na bPalaistíneach. Measaim nach bhfuil mé i m’aonar.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|