News

‘Ní bheadh teorainn leis an méid arbh fhéidir linn a bhaint amach dá mbeadh na húdaráis stáit sásta dul i gcomhpháirt linn’

Bíonn gach ceist ina throid agus baintear úsáid as an ró-mhaorláthas chun gach cinneadh a chur ar an méar fhada.
‘Ní bheadh teorainn leis an méid arbh fhéidir linn a bhaint amach dá mbeadh na húdaráis stáit sásta dul i gcomhpháirt linn’
Article available in Irish only

Is ionann stair na Gaelscolaíochta ó thuaidh agus streachailt in éadan naimhdeas agus neamart an stáit. Ní go dtí 1984 a tugadh aitheantas agus maoiniú don chéad bhunscoil lán-Ghaeilge i mBéal Feirste. Ní go dtí 1994 a tugadh aitheantas don chéad Ghaelcholáiste.

D’ainneoinn an naimhdis, tá pobal Gaeilge mór bríomhar ann go fóill. Anois tá glúin nua de Ghaeil óga muiníneacha ag teacht chun cinn agus ag tabhairt ceannaireachta i bhforbairt phobail, sna healaíona agus eile.

Is toradh é seo ar an bhorradh a tháinig ar an Ghaelscolaíocht le 50 bliain anuas agus na mílte duine óg a tháinig tríd dhoirse na nGaelscoileanna. Anuraidh, rinne Bunscoil Phobail Feirste ceiliúradh ar 50 bliain ar an bhfód. Rinne Coláiste Feirste ceiliúradh ar 30 bliain, Gaelcholáiste a bhfuil 900 dalta ag foghlaim 25 ábhar trí mheán na Gaeilge achan lá. Faoi láthair tá corradh is 7,000 páiste ag freastal ar ghaelscoil ó thuaidh agus tá an líon seo ag dul i méad gach bliain.

Dualgas reachtach

Léiríonn tuarascáil taighde nua go leantar den neamart stáit sa Ghaeloideachas, áfach. Is tuarascáil í seo a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge agus an Coiste um Riarachán na Cora (CAJ) agus a scríobh an Dr Robbie McVeigh faoi “éifeachtacht na Roinne Oideachais maidir lena ndualgas reachtach an Ghaelscolaíocht a éascú”.

Is léir ón dtuarascáil – dá mbeadh fianaise eile de dhíth ar lucht na Gaelscolaíochta – nach ndearna an dualgas reachtach mórán difir do dhearcadh na n-údarás.

Cuireadh an dualgas reachtach ar an Roinn Oideachais in Alt 89 den Acht Oideachais 1998 a bhí mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta, “ré nua den chomhmheas agus comhurraim” – mar dhea. Faoi 2011 b’éigean do ghobharnóir de Choláiste Feirste cás cúirte a ghlacadh faoin neamart sa dualgas seo.

Rinne an Roinn Oideachais argóint nach raibh sa dualgas ach “sprioc inmhianaithe”, nach raibh sé dlite orthu beart a dhéanamh dá réir. Bhí an Breitheamh an-soiléir áfach gur an dlí a bhí ann agus gur chóir go mbeadh “torthaí praiticiúla air”.

In ainneoin na breithe seo, níor tharla mórán torthaí praiticiúla, mar a léiríonn tuarascáil an Dr McVeigh.

Ró-mhaorláthas

Níl naimhdeas oscailte ann anois ach is ionann an neamart agus an easpa gnímh (d’aon turas) agus lámh mharbh ar fhorbairt na gaelscolaíochta. Bíonn gach ceist ina throid agus baintear úsáid as an ró-mhaorláthas chun gach cinneadh a chur ar an méar fhada.

Is iomaí ceist atá faoi chaibidil le tamall de bhlianta gan freagra go fóill. Is iomaí páipéar agus aighneacht atá ag fanacht ar dheasc éigin gan ghníomh. I measc na gceisteanna seo, mar a léirítear sa tuarascáil, tá forbairt scoile, cóiríocht, soláthar agus oiliúint sainmhuinteoirí, forbairt churaclaim, an measúnú bonnlíne, acmhainní foghlama agus curaclaim, riachtanais speisialta, forbairt chleachtais, tacaíocht ceannaireachta, scrúduithe stáit agus eile.

Déantar síorphlé leis an Roinn ar na ceisteanna seo agus tugtar moltaí praiticiúla chun iad a réiteach. Bíonn na húdaráis sásta cruinniú eile a chur sa dialann, ansin tarlaíonn an plé céanna sé mhí nó bliain ina dhiaidh. Ní fhaightear diúltú glan anois. Ach ní tharlaíonn gníomh ar bith.

‘Cúis cheiliúrtha’

Is é an t-aon straitéis atá acu ná an dualgas reachtach a bhainistiú chomh héifeachtúil agus is féidir. Níl aon ollstráiteis chun na ceisteanna a cheangal le chéile agus chun gníomh a dhéanamh orthu. Níl aon iarracht oibriú i gcomhpháirt le ceannairí na hearnála Gaelscolaíochta chun pleanáil ar aghaidh.

Ní léirítear aon phráinne le beart a dhéanamh. Is ionann an dualgas reachtach, dar leo, agus abairt a chur i ngach polasaí Roinne go ndearnadh “machnamh” ar riachtanais na Gaelscolaíochta.

Is cúis cheiliúrtha í forbairt na Gaelscolaíochta ó thuaidh – an cor a chuirtear i gcinniúint daoine óga, go minic as cúlra faoi mhíbhuntáiste shóisialta, eacnamaíochta; an ghlúin nua dhátheangach agus dearcadh fiontraíoch, fadhbfhuascailte acu; daoine óga oilte, a bhfuil díograis agus dúthracht iontu agus a dhéanann páirt dhearfach i bhforbairt a bpobail.

Nár tháinig mórán d’athrú

Is cúis cheiliúrtha go hidirnáisiúnta i go bhfuil a leithéid d’oideolaíocht agus a leithéid d’oidí againn in Éirinn. Ní bheadh teorainn leis an méid arbh fhéidir linn a bhaint amach dá mbeadh na húdaráis stáit sásta dul i gcomhpháirt linn.

Agus muid ag druidim le 25 bliain i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, inar fógraíodh ré nua den chomhurraim agus cearta, léiríonn an Tuarascáil seo arís nár tháinig mórán d’athrú i leith phobal na Gaeilge.

Ach leanfaidh muid linn, mar mhúinteoirí, mar thuismitheoirí agus mar dhaoine óga, ag forbairt pobal Gaeilge trí mheán na Gaelscolaíochta.

Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair in Just News, Nuachtlitir de chuid CAJ i mí na Samhna 2022. Is féidir taighde an Dr. Robbie McVeigh a léamh anseo; rinne sé achoimre ar an taighde dúinn níos luaithe i mbliana. Tá sin ar fáil anseo.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|