News

Machnamh ar Lá Bronnta Céime

Cé go mothaím go bhfuil eiteoga ar mo chroí agus an chaibidil acadúil áirithe seo i ndiaidh druidim, ní féidir a shéanadh nach raibh dúshláin ná cruatan nach beag ann le linn m’aistear dochtúireachta...
Machnamh ar Lá Bronnta Céime
Article available in Irish only

Ar 15ú Nollaig 2022, cheiliúr mé ceann scribe m’aistear oideachais go dtí seo ag Lá bronnta céime Scoil an Oideachais ag Ollscoil na Banríona, breis is bliain ó thug mé faoin scrúdú Viva le críoch a chur le mo chéim dhochtúireachta. Thiar sa bhliain 2017, chuir mé tús le céim Mháistreachta in Ollscoil na Banríona bunaithe ar Chuimsiú agus Sainriachtanais Oideachais.

Is le linn na céime seo a lasadh tine ionam le tabhairt faoi thuilleadh staidéir, agus d’éirigh go geal liom scoláireacht ón Roinn Eacnamaíochta a fháil leis na táillí den dochtúireacht a chlúdach ar feadh 3 bliana.

Tá an comhionannas agus cothromas ag croílár mo chuid oibre. Tá an taighde féin bunaithe ar neamhionannas san earnáil oideachais ó Thuaidh i dtaobh na Gaelscolaíochta. Bíonn cúrsaí aicme, acmhainn agus bochtaineacht sa tsochaí go mór le plé agam agus an dóigh a chuireann iad seo i bhfeidhm ar dhaltaí gaelscoile trí theoiric de chuid an fhealsaimh agus an tsocheolaí Pierre Bourdieu:

‘The point of my work is to show that culture and education aren’t simply hobbies or minor influences. They are hugely important in the affirmation of differences between groups and social classes and in the reproduction of those differences.’ (Bourdieu in ‘The Intellectual Class Struggles, 2001).

Is tríd an teoiric seo a fheictear go bhfuil neamhionannas go smior le sonrú san earnáil oideachais ó thuaidh nach bhfuil ag freastal ar riachtanais na hóige i dteannta a chéile ach go bhfuil roghnú agus idirdhealú ag déanamh dochar suntasach dóibhe siúd nach bhfuil ábalta freastal ar na hacmhainnaí ‘cearta’ le maireachtáil sa chóras lochtach oideachais.

Cé go mothaím go bhfuil eiteoga ar mo chroí agus an chaibidil acadúil áirithe seo i ndiaidh druidim, ní féidir a shéanadh nach raibh dúshláin ná cruatan nach beag ann le linn m’aistear dochtúireachta, gan trácht ar an diabhal rud a chur i gcríoch le linn na Paindéime Covid-19! Is in san darna bhliain de ghnáth a thugtar faoi bhailiú eolais agus an ‘fíor-thaighde’.

Toisc go raibh mé ag tabhairt faoi thaighde oideachasúil, socheolaíoch caithfear cead a iarraidh agus a bheith geallta trí phróiseas eiticiúil na hOllscoile (a bhí geallta agam ag tús 2020 ar aghaidh liom go Márta 2020; bhí na céad cruinnithe is agallaimh socruithe agam le rannpháirtithe idir príomhoidí, múinteoirí is daltaí gaelscoile a bhí orm a chur ar ceal de bharr na dianghlasála…siar liom ón bhonn arís!

Cé gur chruthaigh an phaindéim neart fadhbanna le linn mo thaighde féin, go háirithe leis an mhodheolaíocht, ní thig liom ach buíochas a ghabháil leis an phobal is gréasán láidir de Ghaeil thart orm a chuidigh is a thacaigh go mór liom agus mé le hagallaimh a dhéanamh ó chian – thug siad moltaí, spreagadh agus misneach dom trí am thar a bheith uaigneach agus dúshlánach san aistear taighde agus iad ag roinnt scéaltaí agus cuimhní cinn na scoile a thug beocht agus saibhreas don taighde féin.

Ní insan taighde seo ach tairiscint de shaothar úr de chomhrá agus troid leanúnach atá le léiriú trí lionsa fealsúnachta, oideachasúil atá ag iarraidh aitheantas agus cothrom na Féinne a dhíriú ar an obair agus an gníomh ceannródaíoch atá ar bun san earnáil Gaelscolaíochta cheana agus an neamhionannas atá le sonrú san earnáil gaeloideachais a thabhairt chun solais. Leanaimis orainn insan aistear den fhás, den fhoghlaim is den fhorbairt ar son na Gaeil óga san earnáil Gaelscolaíochta agus na glúintí atá amach romhainn.

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|